Níl aon phort dá chuala mé ar phíob
Ó tháinig mé i méadaíocht linbh
Nach raibh liom ar bharr mo bhéil
Isteach i sliabh 's ag gabháil 'n bhaile

Chorus (after each verse):
Níl sé 'na lá nó 'na lá
Níl sé 'na lá nó 'na mhaidin
Níl sé 'na lá 's ní bheidh go fóill
Na níl sé ach uair ó d'éirigh an ghealach

Seo na mugaí, seo na jugaí
Seo an áit a bhfuil an leann
'S muna bhfuil an t-airgead in do phócaí
Buail a' bóthar 's gabh 'n bhaile

Éirigh do shuí a fhear an tí
Is ná bíodh gruaim in do mhalaí
Líon domsa cárta dí
'S gheobhaidh tú'n díolaíocht faoi mhaidin

Chuir mé féin mo lámh in mo phóca
'S tharraing mé anois mo chorrán garbh
'S é dúirt sí liom suigh síos ag bord
Is gheobhaidh tú'n cárta go dtí'n galún

Tá na caoirigh ag ithe'n fhéir
Is tá na huain ag ól an bhainne
Tá mo bhean féin ar fud na tír'
Is mithid domh éirí is gabháil 'na bhaile