A phlúr na maighdean is úire gné
Fuair clú le scéimh ón Ádhamhchlainn
A chúil na bpéarla, a rún na héigse
A dhúblaíos féile is fáilte
A ghnúis mar ghréin le tús gach lae ghil
A mhúchas léan le gáire
'Sé an trua gan mé is tú, a shiúir, linn féin
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte

Táim brúite i bpéin gan suan gan néall
De do chumha, a ghéag is áille
Is gur tó mo rogha i gCúigibh Éireann
Cúis nach séanam áthas de
Dá siúlfá, a réalta gan smúid, liom féin
Ba shúgach saor ár sláinte
Gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte

A shuairc-bhean tséimh na gcuachfholt péarlach
Gluais liom fhéin ar ball beag
Nuair a bheas uaisle is cléir is tuataí i néal
Ina suan faoi éadai bána
Ó thuaidh go mbeam i bhfad uatha araon
Teacht nuachruth gréine amárach
Gan ghuais le chéile in uaigneas aerach
San dún sin Chéin Mhic Cáinte